Anti-Bullying
Tá urraíocht déanta ag "Lions Clubs, Ireland" ar chur i bhfeidhm tionscnamh frithbhulaíochta do thuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí scoile, le béim ar leith ar an gcibearbhulaíocht. Le teacht na teicneolaíochta nua-aimseartha tá sé seo ina fhadhb mhór i measc daltaí bunscoile agus iar-bhunscoile le blianta beaga anuas. Cuireadh an tionscnamh seo i gcrích i gcomhar leis an bhFeachtas Frithbhulaíochta.
Tá bileog eolais ullmhaithe ag Lions Clubs Ireland do thuismitheoirí agus caomhnóirí dar teideal ‘An bhfuil a fhios agat má tá Bulaíocht á déanamh ar do leanbh’ a leagann amach céimeanna soiléire le tógáil má tá amhras orthu go bhfuil bulaíocht á déanamh ar a leanbh. Tá os cionn 150,000 de na bileoga seo scaipthe in Éirinn go dtí seo, trí scoileanna. Chun an bhileog seo a fheiceáil, ar féidir leat a íoslódáil, a phriontáil agus a dháileadh ar thuismitheoirí cliceáil ar mhír "05(b) "Bileog Faisnéise do Thuismitheoirí" i rannán na Múinteoirí den suíomh Gréasáin seo.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Pat Connolly, Club Lions na Gaillimhe ag patjconn@gmail.com