Glac páirt san Fheachtas Frithbhulaíochta

Glac páirt san Fheachtas Frithbhulaíochta

Glac páirt san Fheachtas Frithbhulaíochta

Tábhair cumhacht do Phobal do Scoile le déileáil go héifeachtach le fadhb na bulaíochta

NUAIR A BHEIDH AN FEACHTAS FRITHBHULAÍOCHTA CURTHA I bhFEIDHM GO hIOMLÁN I SCOIL

TÓGANN SÉ NÍOS LÚ NÁ 90 BOMÁITE

CHUN AN CHUID IS MÓ DE CHÁSANNA BULAÍOCHTA A RÉITEACH.

 

MÁ ÚSÁIDEANN SIBH NA hACMHAINNÍ A CHUIRIMID AR FÁIL,

CUIRTEAR SEO I gCRÍCH TAOBH ISTIGH DE 48 UAIR AN CHLOIG!!

 

 

 

 

Cuireann an suíomh idirlín seo uirlisí agus acmhainní ar fáil chun clár frithbhulaíochta a chur i bhfeidhm i gceart i mbunscoil ar bith nó in iar-bhunscoil ar bith.  Agus páistí ag baint úsáide as na hacmhainní seo tugtar cumhacht dóibh iompar bulaíochta a aithint, a dhiúltú, agus a thuairisciú agus tugtar cumhacht do mhúinteoirí cásanna bulaíochta a réiteach agus gaolta idir daltaí a athneartú go háit a raibh siad sular thosaigh an bhulaíocht.

 

 

 

 

 

Daltaí

Má tá bulaíocht á déanamh oraibh ar scoil nó má tá aithne agaibh ar dhuine éigin eile a bhfuil bulaíocht á déanamh air/uirthi glacaigí an chéad chéim agus insígí do mhúinteoir a bhfuil múinín agaibh as/aisti nó iarraigí ar thuismitheoir nó ar chara scoile a rá leis an múinteoir. Is féidir deireadh a chur leis an mbulaíocht gan an scéal a dhéanamh níos measa daoibhse ná d’aon duine atá páirteach má ghlacann sibh an chéad chéim thábhachtach sin. Insígí don mhúinteoir faoinár suíomh idirlín a chabhróidh leis/léi déileáil go héifeachtach le bhur bhfadhb.

Tuismitheoirí

Má tá imní oraibh faoi athrú i ngiúmar nó in iompar bhur páiste; má éiríonn sé/sí seachantach, goilliúnach, feargach, mar shampla, nó má tá sé/sí ar lorg d’aird níos mó ná de ghnáth nó má tá titim shuntasach ina ráta oibre scoile, seans nach bhfuil baint aige sin le gnáthfhorbairt an pháiste. Tá séans ann go bhfuil bulaíocht á déanamh ar bhur bpáiste. Chun bhur n-intinn a chur ar a suaimhneas déanaigí teagmháil leis an scoil agus cuirigí na múinteoirí ar an eolas faoi na rudaí atá ag cur imní oraibh. Ansin is féidir leosan fiosrú a dhéanamh agus má tá bulaíocht ar siúl is féidir leo deireadh a chur leis gan an scéal a dhéanamh níos measa do bhur bpáiste ná d’aon duine eile atá páirteach. Insígí do na múinteoirí faoinár suíomh idirlín a chabhróidh leo déileáil go héifeachtach le bhur bhfadhb.

Múinteoirí

Cuirimid gníomhaíochtaí ranga i láthair ar an suíomh seo chun feasacht a scaipeadh faoin mbulaíocht. Tá ord agus eagar ar na gníomhaíochtaí sin chun gur féidir le múinteoirí, gan mórán stró, iad a thaispeáint do ghrúpaí ranga ar fud na bliana, rud a chuirfidh le tuiscint na ndaltaí faoin mbulaíocht agus faoin tslí a dtéann sí i bhfeidhm ar dhaoine eile, ach a neartaíonn an teachtaireacht nach féidir glacadh leis an mbulaíocht agus gur chóir a rá le daoine fásta go bhfuil sí ag tarlú. Tá gá lena leithéid de chlár feasachta sa scoil chun cultúr ADT a fhorbairt – Aithint na bulaíochta, Diúltú don bhulaíocht, agus Tuairisciú na bulaíochta do mhúinteoirí. Cé go bhfuil idirghabháil aon uaire nó ócáid aon uaire luachmhar, ní leor iad. Seans go ndéanfaidh roinnt daltaí (nach bhfuil, i ndeireadh na dála, ach ina bpáistí) bulaíocht ar dhaltaí eile, agus b’fhéidir nach ndéanfaidh siad an nasc ina n-intinn idir a n-iompar féin agus an bhulaíocht nach nglacann siad léi i bprionsabal. Dá bharr seo, cuirimid modh ar fáil le fáil amach an bhfuil bulaíocht ag dul ar aghaidh, agus má tá, molaimid modh daonna ionas go dtuigfidh na daltaí an dochar atá á dhéanamh acu, go n-iarrfar orthu gealltánas a thabhairt go stadfaidh siad den iompar sin agus go spreagfar iad chun an gealltánas sin a choimeád. Sa chur chuige seo tá an smaoineamh ann “Déan leasú, ná déan cáineadh”. Den chéad uair is cur chuige é seo a chuireann daltaí ar a gcumas bulaíocht a thuairisciú agus fios a bheith acu nach dtarraingeoidh sé tríoblóid ar dhaltaí eile. Sa chur chuige dhá shnáithe seo, is féidir le múinteoirí díriu ar cheist na bulaíochta i scoileanna i slí chuí agus is féidir leo teacht ar réiteach ar aon chásanna bulaíochta a thagann chun cinn le bua ar gach taobh, is cuma más é an bulaí é, an dalta a ndéarnadh bulaíocht air/uirthi, nó an duine a chonaic an bhulaíocht.

TEAGMHÁLAÍ ÉIGEANDÁLA

Le hAghaidh Daltaí/Páistí

Má theastaíonn uait labhairt le duine éigin seans gur mhaith leat glao a chur ar Childline ar:

(saorglaoí)

TEAGMHÁLAÍ ÉIGEANDÁLA

Le hAghaidh Daltaí/Páistí

"Cibé rud a bhfuil tú ag dul tríd, is cuma má shíleann tú go bhfuil sé beag nó mór, ní chaithfidh tú é a choimeád agat féin. Ag na Samáraigh cuirimid ar fáil tacaíocht 24 uair an chloig atá faoi rún agus nach ndéanann breith.”

(iosghlaoí)
Privacy Statement | Cookie Policy