×

Conas Físeáin YouTube a Thaispeáint má tá YouTube Coiscthe i do Scoil

March 12, 2022

Fógra Feachtais Frithbhulaíochta

Chuir go leor scoileanna bac ar rochtain ar YouTube ar a líonraí ríomhaireachtaar chúiseanna soiléire maidir le cosaint leanaí agus sábháilteacht leanaí.  Má tá bac ar rochtain ar YouTube i do scoil is féidir leat fós na gearrthóga físe atá molta don chlár Feachtas Frithbhulaíochta a thaispeáint má dhéanann tú na rudaí seo a leanas:

Ar do ríomhaire féin sa bhaile téigh ar líne agus déan cuardach le haghaidh feidhmchlár in-íoslódáilte chun físeáin YouTube a thiontú go formáid MP4 agus iad a íoslódáil. Lean na treoracha ar an scáileán. Seans go dtógfaidh sé seo tamall beag ach bí foighneach le do thoil.Sábháil na gearrthóga físe i bhfillteán Frithbhulaíochta ar do ríomhaire féin.

Ansin, is féidir leat iad a chóipeáil ar Eochair USB ag baint úsáide as bogearraí saor in aisce atá ar fáil ar líne agus é a úsáid chun iad a thabhairt ar scoil. Má bhíonn deacracht agat leis seo fiafraigh de chomhghleacaí atá eolach ar conas é seo a dhéanamh chun cabhrú leat.

Déan cúpla cóip don scoil. Ansin is féidir leat gach físeán frithbhulaíochta a thaispeáint ón Eochair USB trí úsáid a bhaint as bogearraí ar do ríomhaire scoile nó trí bhogearraí ar nós VLC Media Player a íoslódáil.

 

Privacy Statement | Cookie Policy